Wednesday 27 February 2019

Seachtain na Gaeilge 2019 i Leabharlann Chontae an Chláir

Ré Ó Laighléis chun Labhairt le Daltaí an Dara Leibhéil

Is mór is cúis áthais ag Leabharlann Chontae an Chláir í a fhógairt arís i mbliana go mbeidh an t-údar aitheanta, Ré Ó Laighléis ag tabhairt cuairte ar leabharlanna éagsúla de Leabharlann Chontae an Chláir i rith Seachtain na Gaeilge 2019.

Scríobhann an Laighléiseach idir Ghaeilge agus Bhéarla agus tá ábhar leis ainmnithe ar An Teastas Sóisearach Nua (T1 & T2) do na scoileanna Dara Leibhéal. Ar an ábhar sin do Scoileanna T2 tá na gearrscéalta ‘Punk’ agus ‘Na Bradmharcaigh’, chomh maith leis an dráma ‘Gan Choinne’ (leagan stáitse den scéal ‘Punk’). Táid sin uile ar fáil faoi aon chlúdach amháin sa saothar sainiúil COMHTHÁTHÚ ABÚ! atá foilsithe ag MÓINÍN, agus a bhfuil Nótaí Anailíse ar an ábhar ann atá scríofa ag an údar féin. Anuas air sin, tá a úrscéal móréilimh, ‘Trumptaí Dumptaí agus An Falla Mór’, ainmnithe ar liosta na n-úrscéalta do T2.

Maidir le T1, tá na gearrscéalta ‘Claonfhéachaint’ agus ‘Na Bradmharcaigh’ ainmnithe, chomh maith lena dhráma ‘Coimhlint’ agus an t-úrscéal ‘An Taistealaí’.

Ar ndóigh, tá an t-úrscéal ardaitheanta leis, ‘Gafa’ ar chúrsa Ardleibhéal na hArdteiste i gcónaí.

Is deis iontach í seo ag daltaí agus múinteoirí araon éisteacht le duine de mhórscríbhneoirí na linne ag tabhairt léargais ar a scríbhinní féin agus ceisteanna a chur air ina dtaobh.

Beidh Ré Ó Laighléis i Leabharlann Chill Rois: Dé Máirt 12ú Márta 10.30r.n. go mean lae agus i Leabharlann na Sionna: 1.45 go 3.15i.n. Ar an Aoine 15ú Márta beidh sé i Leabharlann na hInse: 9.30am to 11r.n. agus i Leabharlann Inis Díomáin: 11.50r.n. go 1.10i.n.

Agus do na páistí bunscoile

Tabharfaidh Aidan Courtney Maisitheoir, ceardlann líníochta spraíúil trí Ghaeilge do pháistí ó rang 3, 4, 5 agus 6 ó na scoileanna náisiúnta i leabharlanna éagsúla. I mbliana tabharfaidh Aidan nodanna i bhfoirm léiraidí faoi leabhar ag tabhairt a dteideal i nGaeilge. Beidh neart spraoi ag páistí ag tomhas teideal na leabhar atá roghnaithe ag Aidan a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh a bheith léite ag na páistí. Beidh neart idirghníomhaíocht, caint agus comhrá agus spraoi sa cheardlann dátheangach seo.

Tabharfaidh Séamus Ryan cuairt ar bhrainsí áirithhe ar fud an chontae ag léamh scéalta do pháistí ó ranganna shóisreacha i mbunscoileanna freisin. Beidh neart cúnamh ag teastáil ó Shéamuis óna lucht éisteachta óg sna seisiúin spraíúla, idirghníomhacha seo. Bígí linn i rith na seachtainne.

Seachtain na Gaeilge Celebrations at Clare County Library

It is with great pleasure that Clare County Library again welcomes acclaimed author Ré Ó Laighléis to a number of its branch libraries as part of its Seachtain na Gaeilge 2019 programme.

Ré Ó Laighléis writes in both Irish and English and his material has enjoyed translation into many languages. Several of his works currently feature prominently on the New Junior Cert Irish T1 & T2 programmes for Second Level schools. His stories ‘Punk’ and ‘Na Bradmharcaigh’ feature on the T2 curriculum, as does his play ‘Gan Choinne’, which is the stage version of the story ‘Punk’. Recently, MÓINÍN has published all three of these, along with analytical treatment of the material by the author himself, under the groundbreaking title COMHTHÁTHÚ ABÚ! which is geared at second level students and teachers alike. Ó Laighléis’s hugely successful and increasingly ever-topical novel ‘Trumptaí Dumptaí agus An Falla Mór’ is also listed reading for Junior Cert T2.

His stories ‘Claonfhéachaint’ and ‘Na Bradmharcaigh’, along with his play ‘Coimhlint’ and his novel ‘An Taistealaí’ are listed readings on T1. Of course, his critically acclaimed novel ‘Gafa’ remains as listed reading on Leaving Cert Higher Level. This is a fantastic opportunity for Second Level students and teachers alike not only to hear one of the major writers of our time speak on his works, but also to pose questions they may have.

On Tuesday the 12th of March Ré Ó Laighléis will be in Kilrush Library at 10.30am and in Shannon Library at 1.45pm. On Friday the 15th of March Ré will meet with Secondary School students in deValera Library Ennis at 9.30am and in Ennistymon Library 11.50am. All four interactive sessions will run for an hour and a half.

Primary School children will also have an opportunity to join in the Seachtain na Gaeilge fun at their local libraries. Throughout the festival cartoonist Aidan Courtney will provide illustrated clues to children’s books giving their names in Irish. Children will have lots of fun guessing Aidan’s choice of books that they may or may not have already read. Lots of interaction, caint, comhrá and fun is guaranteed in this bi-lingual workshop.

Seamus Ryan of deValera Library Ennis will also visit branches throughout the county telling stories in Irish to children from junior classes in primary schools. Seamus will be calling on his young audiences for lots of help and ideas to enhance his chosen tales in these fun interactive storytime sessions.

Further details will be available on the library events section of the library website www.clarelibrary.ie or from your local library branch.

No comments: